Máire Mhac an tSaoi

Scoláire, agus duine de mhórfhilí na Nua-Ghaeilge í Máire Mhac an tSaoi.

Ar a saothar tá na cnuasaigh filíochta Codladh an Ghaiscígh (1956), Margadh na Saoire agus Véarsaí Eile (1973), Shoa agus Dánta Eile (1999) chomh maith leis an saothar taighde Dhá Scéal Artúraíochta (1946), an t-úrscéal gearr A Bhean Óg Ón (2001) agus a dírbheatháisnéis The Same Age as the State (2003). Chaith sí tréimhse freisin ar fhoireann an English-Irish Dictionary faoin Ollamh Tomás de Bhaldraithe.

Ag cur síos dó ar a dírbheatháisnéis bhí an méid seo le rá ag an bhfile Seamus Heaney: “There is truth to experience here, a forthrightness about passion and transgression that is thrilling and exemplary.”

Ceapadh ina hOllamh Oinigh le Léann na hÉireann in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, í sa bhliain 2005.

Tuilleadh...

Dearcadh ar Shaolré Phiarais Fheiritéir agus go háirithe ar an bpáirt inti a bhí ag Richard Boyle, Iarla Chorcaí. Saothar nua ó dhuine de mhórfhilí ár linne, agus leabhar neamhchoitianta a chaitheann solas na scoláireachta ar shaol agus ar aigne na mionuaisle Gaelacha in aimsir an athrú saoil sa 17ú haois. Nasctar stair agus seanchas ann, cur síos mionchúiseach ar mhilieu an fhile, agus léargas ar choinbhinsiúin liteartha agus bhéasa iompair na linne. Scéal bleachtaireachta a chuireann fuil agus feoil ar chreatlach lom na staire. “This Beautifully illustrated book concerns a romantic interlude in the shared history of early 17th-century Ireland and England. At the heart of the matter is a graceful syllabic poem in Irish by Piaras Feiritéar (1653), accomplished poet of Catholic Old-English stock in West Kerry. Feiritéar wrote it in honour of Meg Russell, the ógh Ghallda or “foreign girl” identified therein as a relation of the contemporary earl of Bedford. This was Francis Russell, the 4th earl. Máire Mhac an tSaoi makes the case that she was in fact a daughter of Francis Russell. She details the circumstances in which a poem in Irish by a person of “middling rank” might conceivably have been presented to an earl’s daughter born and raised in England.” —Máirín Ní Dhonnchadha, The Irish Times "An Irish-language book about a remarkable Irish woman written by a remarkable Irish woman". —Marc Coleman, Sunday Independent Nasc leis an léirmheas sa Sunday Independent Nasc le halt faoin údar ar shuíomh Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh
Tuilleadh
"NA 10 gCNUASACH FILÍOCHTA IS FEARR Ó CHASADH AN CHÉID!" — Comhar Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe ag Rilke i Máire Mhac an tSaoi. Ní hamháin go léiríonn sí acmhainn agus uaillmhian an bhundáin Ghearmáinise, baineann sé geit chomh maith as friotal filíochta na Gaeilge ar shlí a chruthaíonn arís a mórchumas teangan agus samhlaíochta. Taitneoidh an leabhar seo chomh mór le léitheoirí Rilke is a thaitneoidh sé le léitheoirí Mháire Mhac an tSaoi.
Tuilleadh
Buaiteoir Ghradam Ui Shúilleabháin 2011. Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ab ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan. Leath a thiarnas ó ché Phort Lairge anoir trí chontaetha Chorcaí, Luimnigh, agus Chiarraí, agus siar chomh fada le Caisleán na Mainge. In ainneoinn a chumhachta, cuimhnítear fós ar Ghearóid Iarla mar fhile a thug gean do na mná, agus mar sheandraoi. Ó pheann dhuine de phríomhfhilí na hÉireann an t-úrscéal seo, leabhar a bhfuil pearsa staire atá gar do chroí an fhile mar ábhar ann — Gearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan (1335-1398), taoiseach, leasrí, file — an fear ar bhaist na Gaeil ‘Gearóid Iarla’ mar ainm air. “Is seoid drithleach atá sa leabhar seo. Tá cur síos ann atá chomh beo, chomh braiteach, chomh lán de chroí is de nádúr, le haon rud atá léite agam le fada an lá, in aon teanga. Is fada ó bhraith mé chomh gar do shuíomh agus do phearsana staire. Anuas air sin tá giotaí comhrá agus cainte ann atá chomh blasta sin nach bhfuil aon tsamhail agam orthu ach mar a bheadh gráinní salainn ar an lus súgach, a bhaineann geit phléisiúrtha asat agus a chuireann fonn ort a thuilleadh a bhlaiseadh. Tá daonnacht agus grinneas agus dea-stíl scríbhneoireachta sa leabhar seo chomh maith le haon rud atá scríofa.” —Liam Mac Cóil "Léiriú ar mhianta, ar bhriseadh croí, ar fhulaingt, ar dhaonnacht mhóruaisle agus ghnáthdhaoine. Sin bua Mháire Mhac an tSaoi, bua na samhlaíochta.... Tá sí ina máistir go hiomlán ar an gceird." —Tadhg Ó Dúshláine, Comhluadar na Leabhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta. "Éiríonn le Máire Mhac an tSaoi an cúlra staire a shníomh isteach san úrscéal ar bhealach an-chaolchúiseach." — Meidhbhín Ní Úrdail, Comhluadar na Leabhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta. "Mac an tSaoi has not only written a beautiful and natural ode to a forgotten era of Irish life, an ode characterised by its humanity and poetic language but she has also usurped some of the more recent traditions that circumscribed the image or representation of Gearóid Iarla." — Micheál Ó hAodha, Dublin Review of Books Léirmheas ar Scéal Ghearóid Iarla ar an Dublin Review of Books Scéal Ghearóid Iarla ar Clubleabhar.com Físeáin Máire Mhac an tSaoi ag léamh as Scéal Ghearóid Iarla Agallamh le Máire Mhac an tSaoi faoi Scéal Ghearóid Iarla Scéal Ghearóid Iarla ar fáil mar ríomhleabhar don Khindle (amazon)
Tuilleadh